Is trua gán mé thiar ag Eoghainín Seachtain nó dhó go gcóiríodh s m'fhallaing domh Mise gach neoin a bheith 'seoladh a chuid eallaigh dó 'S mé bheith ag baint chnó faoi theorainn an bhaile seo
Curfá Is Ailín na rún Na rún is na rún Do Úna Ní Ailleagáin Corraigh do chroí
Tá cailín beag thíos anseo a bhfuil páirc mhaith phise aici Knot ina cúl is níl imeacht ar fhear aici Sílidh sí féin go bhfuil spalpaire fir aici Ach bheirimse an leabhair duit ré fear ar bith aici
Curfá
Nuair a thigimsa ón tsliabh bíonn cliabh den mhóin orm Suímsa síos bíonn fuacht agus tuirse orm 'Sé duirt ainnir na gcliabh gan stiall de do bhrat agam Is trua gan do ghiall beag thiar faoi fhód agam
Curfá
Is trua gán mé thiar ag Eoghainín Seachtain nó dhó go gcóiríodh s m'fhallaing domh Mise gach neoin a bheith 'seoladh a chuid eallaigh dó 'S mé bheith ag baint chnó faoi theorainn an bhaile seo
Curfá Corraigh do chroí Corraigh do chroí O, corraigh do chroí