Гуру Песен Популярное
А Б В Г Д Е Ж З И К Л М Н О П Р С Т У Ф Х Ц Ч Ш Э Ю Я
# A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z

Altan - Ta Me Mo Shui | Текст песни

Tá mé 'mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir
Ag cur teineadh síos gan scíth 's á fadú go géar
Tá bunadh a' tí 'na luí 's tá mise liom féin
Tá na coiligh ag glaoch 's tá 'n saol ina gcodladh ach mé

Sheacht mh'anam déag do bhéal, do mhalaí 's do ghrua
Do shúil ghorm ghlé gheal fá'r thréig mé aiteas is suairc
Le cumhaidh i do dhiaidh ní léir dom an bealach a shiúl
Is a charaid mo chléibh tá na sléibhte ag gabháil idir mé 's tú

Deireann lucht léinn gur cloíte an galar an grá
Char admhaigh mé é nó go raibh sé 'ndiaidh mo chroí 'stigh a chrá
Aicíd ró-ghéar, faraor nár sheachnaigh mé í
Chuir sí arraing 's céad go géar fríd cheartlár mo chroí

Casadh bean sí domh thíos ag Lios Bhéal an Áth'
'S d'fhiafraigh mé díthe an scaoilfeadh glais ar bith grá
'Sé dúirt sí os íseal I mbriathra soineanta sámh
Nuair a théann sé fán chroí Cha scaoiltear as é go brách

Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 1
Видео
Нет видео
-