1. A Pheadair, a Aspail, a bhfaca tú mo Ghrá geal? Ochón agus ochón ó! Do chonaic mé ar ball é i lár a namhad Ochón agus ochón ó! Gabhaigí ‘leith, a dhá Mhuire, go gcaoine sibh mo Ghrá liom Ochón agus ochón ó! Céard tá le caoineadh ‘gainn muna gcaoinimid a chnámha Ochón agus ochón ó! 2. Cé hé an fear breá sin ar Chrann na Páise? Ochón agus ochón ó! An é nach n-aithnír do Mhac, a Mháthair? Ochón agus ochón ó! An é sin an Maicín a d’iompair mé trí ráithe? Ochón agus ochón ó! Nó ‘n é sin an Maicín a rugadh sa stábla? Ochón agus ochón ó! 3. Nó an é sin an Maicín a hoileadh in ucht Mháire? Ochón agus ochón ó! Éist a Mháthair is ná bí cráite Ochón agus ochón ó! ‘S an é sin an casúr a bhuail Tríot na tairní Ochón agus ochón ó! Nó ‘n í sin an tsleá a chuaigh trí Do lár geal Ochón agus ochón ó! 4. A Leinbh, is mor e tualach is leig cuid de ar do Mhathair. Ochone is ochone o!" "Iompruiodh gach einne a chrosa, a Mhaithrin." "Ochone is ochone o!"