Táim sínte ar do thuama, Is do gheóir ann do íor mé Dá mbeadh barr do dhá lámh agam Ní sgarfainn leat choíche. A úilin is a ansacht, Is am domh-sa luí leat, Tá bola fuar na cré orm, Dath na gréine 's na gaoithe! Tá cló ar mo croí-se Tá líonta le grá dhuit, Lionndubh ar thaobh thíos de Chomh cíordhubh le h-áirne Is má bhaineann aon ní dhom 'S go gclaoifeadh an bás mé, Bead-sa im' shí gaoithe Romhat thíos ar na bánta!
Nuair is dó le mo mhuintir Go mbím-se ar mo leaba, Ar do thuama 'sea bhím sínte Ó oíche go maidin: A' cur síos mo chruatan 'S a' crua-ghol go daingean. Tré mo chailín ciúin stuama Do luadh liom 'n-a leanbh!