Гуру Песен Популярное
А Б В Г Д Е Ж З И К Л М Н О П Р С Т У Ф Х Ц Ч Ш Э Ю Я
# A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z

Celtic City Experience - Níl Sé’n Lá | Текст песни

Níl sé’n lá, níl a ghrá,
Níl sé’n lá is ní bheidh go maidin,
Níl sé’n lá is ní bheidh go fóill,
Solas ard atá sa ghealaigh

Chuaigh mé isteach i dteach aréir
Is d’iarr mé cairde ar mhnaoi an leanna.
Is é dúirt sí liom “Ní bhfaighidh tú deor.
Buail an bóthar is gabh abhaile.”

Níl sé’n lá, níl a ghrá,
Níl sé’n lá is ní bheidh go maidin,
Níl sé’n lá is ní bheidh go fóill,
Solas ard atá sa ghealaigh

Chuir mé féin mo lámh i mo phóca
Is d’iarr mé briseadh scillinge uirthi.
Is é dúirt sí liom “Suigh síos ag bord
Is bí ag ól anseo go maidin.”

Níl sé’n lá, níl a ghrá,
Níl sé’n lá is ní bheidh go maidin,
Níl sé’n lá is ní bheidh go fóill,
Solas ard atá sa ghealaigh

Éirigh i do shuí, a fhear an tí,
Cuir ort do bhrístí is do hata
Go gcoinne tú ceol leis an duine cóir
A bheas ag ól anseo go maidin.

Níl sé’n lá, níl a ghrá,
Níl sé’n lá is ní bheidh go maidin,
Níl sé’n lá is ní bheidh go fóill,
Solas ard atá sa ghealaigh

Celtic City Experience еще тексты


Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 2
Видео
Нет видео
-