Гуру Песен Популярное
А Б В Г Д Е Ж З И К Л М Н О П Р С Т У Ф Х Ц Ч Ш Э Ю Я
# A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z

Clann Lir - Caidé Sin Do'n Té Sin | Текст песни

Caidé Sin Do'n Té Sin
Гэльский

Chuaigh mé chuig aonach is dhíol mé mé bhó
Ar chúig phunta airgid is an gine buí óir
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Caid é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Caid é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Má théim go coill chraobhach ag cruinniú sméara nó cnó
A bhaint úlla de ghéaga nó a bhuachailleacht bó
Má shíním seal uaire faoi chrann a déanamh só
Ó caid é sin don té sin nach mbaineann sin dó!
Má shíním seal uaire faoi chrann a déanamn só
Ó caid é sin don té sin nach mbaineann sin dó!

Má théimse chuig airnéal is rince is spórt
Chuig aonach is rásaí gach cruinniú den tsórt
Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo
Ó caid é sin don té sin nach mbaineann sin dó
Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo
Ó caid é sin don té sin nach mbaineann sin dó

Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh
Gan earra gan éadai gan bólacht ná stór
Ach má tá mise sásta i mó chónai i gcró
Ó caid é sin don té sin nach mbaineann sin dó
Ach má tá mise sásta i mó chónai i gcró
Ó caid é sin don té sin nach mbaineann sin dó

Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 2
Видео
Нет видео
-