‘Sé mo chreach is mo dhíth, is nach cloíte an galar an grá, Is mairg go mbíonn sé a mí, seachtain is lá. Do bhris sé mo chroí is do mhill sé an t-easnamh i’m’ lár, Is codladh ní bhfaighim ach ag taidhreamh ar me dhian-ghrá.
‘Sé mo chreach is mo chás, nach gcáitheann sé sneachta ‘gus sioc; Mise ‘s mo ghrá do bheith i lár na farraige amuigh, Gan loing, gan bád, gan árthach ná aon ní ar bith Ach caite insa tsnámh is mo dhá láimh casta ina crios.
S’ do casadh slua sí orm síos chun Lios Bhaile Dháith. Is d’fhiafraíosa díobh cé’n ní do leighisfeadh an grá? Dúirt duine acu liom go ciúin, go taise ‘s go tnáth: An rud a théann ins an chroí ná scaoiltear as é go brách.
Is a chailín bhig óig, ná pós an seanduine liath, Ná cuir do dhá láimh le grá dó thairis aniar. Mar tá’n tú beag óg is fós níor tháiing duit ciall Is má mhaireann tú beo beidh mórchuid leanbh id’ dhiaidh.