Гуру Песен Популярное
А Б В Г Д Е Ж З И К Л М Н О П Р С Т У Ф Х Ц Ч Ш Э Ю Я
# A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z

Clann Lir (Хелависа) - Colm Cille Na Feile | Текст песни

Ó is mo chairde gaoil gur thréig mé
Mar gheall ar mhnaoi is ní bhfuair mé í
Is d'imigh sí mar éan bheag
Faoi bharra na gcraobh
Mar bhí seabhac na coille léithe
Sionnach mór Bhinn Éadain
Roilleach faoi na sléibhte
An naosc is an chearc fhraoigh

Málainn, Cúl Iomra
Sliabh Gabhra gur shiúil mé
D'ansacht ní bhfuair mé
Is mo shúile gur dhall
Go ndeachaigh mé go múrtha an teampaill
Is as sin siar go Laighnibh
Go haonach mór Bhinn Éadain
Is ní ann a bhí mo ghrá

Ach is é Colm Cille na féile
A mhúscail as mo néal mé
Is a d'aithris domh cén taobh a raibh sí
An spéirbhean, ina luí
Tá sí i ngleanntán sléibhte
A dtig duilliúr glas is eidheann ann
Bíonn fáras aici fhéin ann
I gconaí di gach am

D'éirigh mé den léim sin
Is dhearc mé ar gach taobh domh
Bhain mé díom m'éide
Is mo chlaíomh le mo thaobh
Is chuaigh mé go dtí an spéirbhean
Gur phóg mé í ina léinidh
Is gur éirigh mo chroí chomh héadrom
Leis an eala ar an chraobh

Ach is é Colm Cille na féile
A mhúscail as mo néal mé
Is a d'aithris domh cén taobh a raibh sí
An spéirbhean, ina luí
Tá sí i ngleanntán sléibhte
A dtig duilliúr glas is eidheann ann
Bíonn fáras aici fhéin ann
I gconaí di gach am

D'éirigh mé den léim sin
Is dhearc mé ar gach taobh domh
Bhain mé díom m'éide
Is mo chlaíomh le mo thaobh
Is chuaigh mé go dtí an spéirbhean
Gur phóg mé í ina léinidh
Is gur éirigh mo chroí chomh héadrom
Leis an eala ar an chraobh

Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 1
Популярное сейчас
Видео
Нет видео
-