Rinne mé smaointiú i m'intinn Is lean mé dó go cinnte Go n-éalóinn ó mo mhuintir Anonn chun 'Oileáin Úir Tá mé ag déanamh impí Ar an Ard-Rí 'tá 's mo chionn-sa Mo choinneáil ó gach tubaiste Go gcríochnóinn mo shiúl
Shiúil mé fiche míle 'S níor casadh orm Críostaí Capall, bó nó caora ag déanamh Inghilt ar an fhéar Coillte dlúth' is gleanntáin Agus búirtheach beithigh allta Fir is mná gan tant orthu A chasfá fá do mhéar
Tharla isteach i dteach mé Is casadh orm daoine D'fhiafraigh siad mo ainmse Cén tír inar tógadh mé Dúirt mé leo i mBéarla Gur tógadh mé in Éirinn Láimh le Loch Eirne I gCoillidh Lios na Raoch