Ar chonnlaigh ghlais an fhoghmhair
A stóirín gur dhearc mé uaim
Ba deas do chos i mbróig
'Sba ró-dheas do leagan siubhail
Do ghruaidh ar dhath na rósaí
'Sdo chúirníní bhí fighte dlúith
Monuar gan sinn 'ár bpósadh
Nó'r bórd luinge 'triall 'un siubhail
Tá buachaillí na h-áite seo
A' gartha 'gus ag éirghe teann
Is lucht na gcochán árd
A' deánamh fáruis do mo chailín donn
Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne
Thar sáile 's a shlóighte cruinn
Bhrúighfinn féar is fásach
'S bhéinn ar láimh le mo chailín donn
Ceannacht buaibh ar aontaigh'
Dá mbínn agus mo chailín donn
Gluais is tar a chéad-searc
Nó go dtéidh muid thar Ghaoth-Bearra 'nonn
Go sgartar ó n-a chéile
Bárr na gcraobh 's an eala ón tuinn
Ní sgarfar sin ó chéile
'S níl ach baois díbh á chur 'n mur gcionn
Другие названия этого текста
- Clannad [1975 - Clannad 2] - 03 Coinleach Ghlas An Fhómhair (0)
- Clannad [1989 - Past Present] - 07 Coinleach Glas An Fhómhair (0)
- Clannad - Coinleach Ghlas An Fhómhair (0)
- Clannad [1983 - Magical Ring] - 05 Coinleach Ghlas An Fhómhair (0)
Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 1