Ó éirigí suas a thogha na bhfear A’s cuirigí píce ‘r bharr gach cleith Leagaigí síos iad lucht an droch-chroí Agus cuirigí dlí na Frainc’ ar bun Agus ó bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?
Curfá:
Is ó bhean a’ tí fá dhó nó trí Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach Agus ó bhean a tí, nach suairc é sin?
Tá jug ar an mbórd is tá beoir ag teacht Tá arm go leor ag an Duke of York Tá ‘n Francach ‘s an Spáinneach ar bhruach na trá Agus b’fhearr liom go mór é ná comhrá ban Agus ó bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?
Curfá
Ó shuigh mise síos ‘s mo mhian le m’ais Ag ól mo cháirt dí mar dhéanfadh fear Sé dúirt bean a’ tí den chomhrá mhín Gan airgead síos bí ‘gabháil amach Agus ó bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?
Curfá
Ó tharraing mé aníos mo phíosa glas Nach mairg a bhíos gan é, mo chreach? Do labhair sí arís go carthanach caoin ‘S ó b’fhearr úd do shuíos faoin siams’ ar fad Agus ó bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?
Curfá
Mo chreach is mo chrá nuair a bhí mé beag In aois mo dhá bhliain sular ar smaoiníos ar olc Nach ndeachas ar bord nó in arm an Rí Sular chaitheas mo shaol ‘gabháil timpeall ort Agus ó bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?
Curfá
Go mbristear mo dhroim faoin ualach seo Má thigim arís ‘cur buartha ort ‘S a liacht bean óg as seo go hAbhainn Mhór Do shiúlfadh an ród is d’ólfadh deoch Agus ó bhean a’ tí, cén bhuairt sin ort?