Гуру Песен Популярное
А Б В Г Д Е Ж З И К Л М Н О П Р С Т У Ф Х Ц Ч Ш Э Ю Я
# A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z

Clannad (irish, new-age, folk) The Pretty Maid '73 - Thíos Cois Na Trá Domh | Текст песни

Thíos cois na trá domh, in ndoimhneacht na h-oíche
An saol mhor ina gcodhladh, 's mise liom féin
Na h-éanacha mara ag scairtigh go léanmhar
Cosúil le h-anamnacha bochta i bpéin

Iomlán gealaí 's iomlán rabharta
Aoibhneas 's ciúineas, 's áilleacht sa domhain
Crónán na fairrige ag dul siar ar mo chluasa
Bog-cheol an uisce ag sileadh san abhainn

Istigh ar na h-inseáin tá sean-reilig bheannaithe
An áit inar mhaireadh naoimh san aimsir fadó
Tá daoine istigh ann ag chaith seal go h-aerach
Ní shiúlfaidh siad thar fán chladaigh níos mó

Bhuail uaigneas m'intínn 's mé ag amharc ar an reilig
'S mé ag meadhradh ar dhaoine istigh ann ina luí
Fir a's mná óga, seandaoine 's páistí
Muintir mo mhuintir 's cairde mo chroí

Tá na coiligh ag glaoch 's na réalta ag bánú
Tá an ghealach ina luí 's ní fada go lá
Slán agat anois a shean-reilig bheannaithe
'S na daoine a shiúlfadh liom síos cois na trá

Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 1
Популярное сейчас
Видео
Нет видео
-