Ag úirchill a' chreagáin Sea chodail mise 'réir faoi bhrón Is le héirí na maid'ne Tháinig ainnir fá mo dhéin le póig Bhí gríosghrua garth' aici 'Gus loinhir ina ciabh mar ór 'S ba é íochshláinte 'n domhain A bheith 'g amharc ar a' ríoghan oig
A fhiafhir charthanaigh Ná caitear thusa 'néalta Ach éirigh go tapaidh Agus aistrigh liom siar sa ród Go tír dheas na meala Nach bhfuair galla intí réim go fóill 'S gheobhair aoibhneas Ar hallí 'mo mhealladhsa le siamsa ceoil
A ríoghan is deise 'N tú hélen fa'r treagh slóigh No dó na naoi mná deasa Pharnassus thú 'bhí déanta gcló? Cé'n tír ins a' chruinne 'N ar hoileadh tú, a réalt gan cheo Le'r mian leat mo shamhrhailsa Bheith 'cogarnaigh leat siar sa ród?