Tá blian nó níos mó 'gam ag éisteacht
Le cogar doilíosach mo mheoin,
Ó casadh liom grá geal mo chléibhe
Tráthnóna brea gréine san fhómhar.
Bhí an bhó bhainne chumhra ag géimneach
Is na h-éanlaith go meidhreach ag ceol,
Is ar bhruach an tsruthán ar leathaobh dhom
Bhí cailín deas crúite na mbó.
Tá a súile mar lonradh na gréine,
Ag scaipeadh trí spéartha gan cheo,
's is deirge a grua ná na caora
Ar lasadh measc craobha na gcnó,
Tá a béilin níos dílse na sméara,
's is gile ná leamhnacht a snó,
Níl ógbhean níos deise san saol seo
Ná cailín deas crúite na mbó.
Другие названия этого текста
- Danú - An Cailin Deas Cruite na mBo (0)
- Danú - An cailín deas crúite na mbó (ирландская) (0)
Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 1