Tá blian nó níos mó 'gam ag éisteacht Le cogar doilíosach mo mheoin, Ó casadh liom grá geal mo chléibhe Tráthnóna brea gréine san fhómhar. Bhí an bhó bhainne chumhra ag géimneach Is na h-éanlaith go meidhreach ag ceol, Is ar bhruach an tsruthán ar leathaobh dhom Bhí cailín deas crúite na mbó.
Tá a súile mar lonradh na gréine, Ag scaipeadh trí spéartha gan cheo, 's is deirge a grua ná na caora Ar lasadh measc craobha na gcnó, Tá a béilin níos dílse na sméara, 's is gile ná leamhnacht a snó, Níl ógbhean níos deise san saol seo Ná cailín deas crúite na mbó.