Гуру Песен Популярное
А Б В Г Д Е Ж З И К Л М Н О П Р С Т У Ф Х Ц Ч Ш Э Ю Я
# A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z

Fred McCluskey & Geraldine Maher - Fairytale of New York - as Gaeilge / in Irish | Текст песни

B'í Oíche Nollaig í
'S mé caochta óltach,
Dúirt seanfhear 'n aice liom,
Sí mo Nollaig dheireanach í.

'Sin thosaigh sé gabháil linn,
An 'Rare Old Mountain Dew'
Chrom mé mo cheann go ciúin
'S mé cuimhniú ortsa.

Nach orm a bhí an t-ádh
Tháinig sí isteach go breá
Airím istigh i mo chroí
Gur linn an bhliain seo romhainn

Ó Nollaig Shona dhuit,
Is tú mo Stóirín
Feabhsóidh rudaí fós
Amach romhainn atá sé

'S gear le bear iad na cairr
'S na habhainn lán le h-ór
Ach tá gáimh ghéar sa ngaoth
Ní haon áit í gan glór

Nuair a thóg tú mo lámh
ar ár gcead Nollaig riamh
Gheall tú dhom Broadway
a bheith romham ins an tSl

Bhí tú dathúil
Tá tú meabhrach
Banríon Nua Eabhrach
Ní raibh críoch leis an scléip
Bhí an chraic's spraoi thar barr

'Sinatra' ag swingeáil
Na cloig 's iad ag 'ringeáil,
Muid ag pógadh 's ag damhnsa
Gan imní faoin saol

Cóir an NYPD 's iad ag casagh 'Galway Bay',
'S na cloig ag bualadh leo
Lá breith Mac Dé.

Fear déirce gan rath
A shean stróinse gan mhaith
I do chrap ansin thall mar bheadh cailleach sa gclúid

A Sclíteach, a Chonúis,
'Chacsmuitín an donais
Nollaig Shona mo thóin
Faraoir gan é thart.

Cóir an NYPD 's iad ag casadh 'Galway Bay',
'S na cloig ag bualadh leo
Lá breith Mac Dé.

Bhí saol breá romhamsa
Nach breá an scéal agat é
Sciob tú mo bhrionglóid uaim
An chéad uair a chas mé ort

Tá siad agam i gconaí, a stór
I dtaisce i mo chroí
Na fág me 'nois a mhnaoi
'S tú bun's barr mo shaoilsa

'S cóir an NYPD 's iad ag casadh 'Galway Bay'
'S na cloig ag bualadh leo
Lá breith Mac Dé

Fred McCluskey & Geraldine Maher еще тексты


Видео
Нет видео
-
Оценка текста
Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 1