Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór Ó caide sin do'n té sin nach mbaineann sin dó Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór Ó caide sin do'n té sin nach mbaineann sin dó
Má théimse chuig airnéal is rince is spórt Chuig aonach is rásaí 's gach cruinniú den tsórt Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo Ó caide sin do'n té sin nach mbaineann sin dó Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo Ó caide sin do'n té sin nach mbaineann sin dó
Má théim 'na choille chraobhaigh cruinniú smeara nó cró A bhaint úllaí de ghéaga nó a bhuachailleacht bó Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só Ó caide sin do'n té sin nach mbaineann sin dó Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só Ó caide sin do'n té sin nach mbaineann sin dó
Deir daoine go bhfuil mé gan rath 's gan dóigh Gan earra gan éadach gan bólacht ná stór Má tá mise sásta mó chónaí i gcró Ó caide sin do'n té sin nach mbaineann sin dó Má tá mise sásta mó chónaí i gcró Ó caide sin do'n té sin nach mbaineann sin dó