Seo dhibh a cháirde duan Óglaigh, Cathréimeach bríomhar ceolmhar, Ár dtinte cnámh go buacach táid, 'S an spéir go mín réaltógach Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo 'S go tiúnmhar glé roimh thíocht do'n ló Fé chiúnas chaomh na hoiche ar seol: 'Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann
Sinne laochra fáil, Atá faoi gheall ag Éirinn, Buíon dár slua thar toinn do ráinig chughainn, Faoi mhóid bheith saor Seantír ár sinsear feasta, Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill. Anocht a théam sa bhearna baoil, Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil, Le gunna scréach faoi lámhach na bpiléar, Seo libh canaig Amhrán na bhFiann
Cois bánta réidhe, ar árdaibh sléibhe, Ba bhuachach ár sinsir romhainn, Ag lámhach go tréan fé'n sár-bhrat séin Tá thuas sa ghaoith go seolta Ba dhúchas riamh d'ár gcine cháidh Gan iompáil siar ó imirt áir, 'S ag siúl mar iad i gcoinne námhad Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann