Is briste mo chroí Is uaigneach mo shlí Is mo stóirín in a luí is mé cráite 'S é deireadh mo shaol Is mo chailín beag rua Sínte i gCrucán na bPáiste
Ni fheicfidh sí arís An drúcht ar an bhféar Nó an sneachta i ngleannta Mhaamtrasna Gan ghrian ar a h-aghaidh Gan ceol binn na n-éan Ach an chré fuar i gCrucán na bPáiste
In ainm an Athair Is in ainm an Mhic 'S a Mháithrín atá lán de ghrásta In ainm an Spioraid Naomh Ná fág me beo Is mo áinglín i gCrucán na bPáiste
Is buartha na sléibhte Is tá mairg ar an Mask 'S olc mise gan i bheith sábháilte Is an fhad a bhéas mé beo Ní sheasfaidh mé ar fhód Na hÉireann nó i gCrucán na bPáiste
In ainm an Athair Is in ainm an Mhic 'S a Mháithrín atá lán de ghrásta In ainm an Spioraid Naomh Ná fág me beo Is mo áinglín i gCrucán na bPáiste