Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad damh is mo sháith le n-ól Is tá bean in Éirinn is ba binne léithe mo rafla ceoil No seinm théid; atá bean in Éirinn is níorbh fhearr léi beo Mise ag léimnigh no leagtha i gcré is mo tharr faoi fhód.
Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur bhfaighinn ach póg O bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dhaimh féin leo; Tá bean ab fhearr liom no cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhearla, dubhghránna cróin
Tá bean a dearfadh da siúlainn léithe go bhfaighinn an t-ór Is tá bean 'na léine is fearr a méin no na tainte bó Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir agus clar Thir Eoghann, Is ní fhaicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól