Гуру Песен Популярное
А Б В Г Д Е Ж З И К Л М Н О П Р С Т У Ф Х Ц Ч Ш Э Ю Я
# A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z

Kila - Tine Lasta | Текст песни и Аккорды

Lyrics:

So lean ar aghaidh ag fás, ná teip
Ná cúlaigh, cuir leis, cuir leat
Cuir do lorg ar an saol, leag do lámh air
Fág do rian, sáigh fréamh
Faoin talamh agus sú aníos do líon
Do lón, do bhéile, do bheatha, do bhéile
Do bheatha, do bhéile beannaithe
An méid atá ag dul duit, an méid atá uait
Don saol atá i ndán duit san am atá le teacht
Abair do phaidir agus cothaigh í
Cothaigh í, cothaigh í, cothaigh í
Siúl do bhóthar, scríobh do scéal W
Sín amach do chuid sciathán oscail do bhéal

Coinnigh an tine sin lasta
Gearr an t-adhmad, bailigh an mhóin
Séid ar na luaithrigh, glan an tinteán
Ná lig di dul amach arís
Ná múch í
Coinnigh an tine sin lasta
Gearr an t-adhmad, bailigh an mhóin
Séid ar na luaithrigh, glan an tinteán
Ná lig di dul amach arís
Ná múch í, ná múch í
Coinnigh í beo, coinnigh í ag dó

Oscail cad a dhún, dúisigh ó do shuan
Deisigh cad a bhris, agus las cad a mhúch
Ná teip, ná tit, ná sleamhnaigh
Ná loit, ná cas ró-fhada ó do chásán
Ná gortaigh do chuid
Is tusa atá freagrach as sláinte do choirp
Ó bhun go barr, chuile maidin chuile oíche
Roghnaíonn tú cruth comhludar do chuid smaointe
Litrígh do ainm agus abair é
Abair é abair é, abair é
Abair mar a chíonn tú é abair é mar a bhraitheann tú fé
Déan do rogha rud, déan do rogha rud
Ach bí cinnte gur do rogha rud é atá ar bun agat
Déan do rogha rud, déan do rogha rud
'S bí cinnte gur do rogha rud é atá ar bun agat

Curfá


'S beidh am don uile ní idir éirí agus luí
Am don ól 's don ithe 's don obair 's don spraoi
Am feásta, troscadh, ciúnas agus glór
Grá agus gáire, náire 's onóir
Am le botún a dhéanamh, am go gceartófá í
Am le dul a' lorg, am le bheith ar leataobh
Am briseadh am deisiú, am fás, am feo
Am bás 's athbheochan agus am le crochadh seol
Am fód a sheasamh agus am séirbhís
Am cúnamh agus cosaint, am leighis, am draíocht
Déan an obair atá ar lámh agat, dean é
Déan é, déan, déan anois é go dtí go bhfuil sé déanta
Athraíonn an saol, athraíonn tú fhéin agus
Is cuma cad a cheap tú roimh-ré
Athraíonn an saol agus athraíonn tú ionat fhéin agus
Is cuma cad a cheap tú roimh-ré

Curfá


Kila еще тексты


Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 2
Видео
    Нет видео
    -