Гуру Песен Популярное
А Б В Г Д Е Ж З И К Л М Н О П Р С Т У Ф Х Ц Ч Ш Э Ю Я
# A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z

Lumiere - Samhradh | Текст песни

Bábóg na Bealtaine, maighdean an tSamhraidh,
Suas gach cnoc is síos gach gleann
Cailíní maiseacha gheala-bhán gléigeal
Thugamar féin an Samhradh linn

chorus/curfá
Samhradh buí na nóiníní gléigeal

Thugamar féin an samhradh linn
Ó bhaile go baile ‘s go Malainn ‘na dhiaidh sin
Thugamar féin an samhradh linn

Tá nead ag an ghiorria ar imeall na haille,
Is nead ag an chorr éisc i ngéagaibh an chrann,
Tá’n chuach ‘s na héanlaith a’ seinm le pléisiúr,
Thugamar féin an samhradh linn.

Tá an fhuiseog a’ seinm ‘s a’ luascadh sna spéartha
Beacha is cuileoga is bláth ar na crainn
Tá míl ar an gcuiseach ‘s coilm a’ beiceadh,
Thugamar féin an samhradh linn.

Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 1
Видео
Нет видео
-