Chuaigh mé chun aonaigh
Is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid
Is ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead
Is má bhronnaim an t-ór
Ó cad é sin do'n té sin
Nach mbaineann sin dó
Má ólaim an t-airgead
Is má bhronnaim an t-ór
Ó cad é sin do'n té sin
Nach mbaineann sin dó
Má théim 'na choille chraobhaigh
Cruinniú smeara nó cró
A bhaint úllaí de ghéaga
Nó a bhuachailleacht bó
Má shíním seal uaire
Faoi chrann a dhéanamh só
Ó cad é sin do'n té sin
Nach mbaineann sin dó
Má shíním seal uaire
Faoi chrann a dhéanamh só
Ó cad é sin do'n té sin
Nach mbaineann sin dó
Má théimse chuig airnéal
Is rince is spórt
Chuig aonach is rásaí
'S gach cruinniú den tsórt
Má chím daoine súgach
Is má bhím súgach leo
Ó cad é sin do'n té sin
Nach mbaineann sin dó
Deir daoine go bhfuil mé
Gan rath 's gan dóigh
Gan earra gan éadach
Gan bólacht ná stór
Má tá mise i sásta
Mó chónaí i gcró
Ó cad é sin do'n té sin
Nach mbaineann sin dó
Chuaigh mé chun aonaigh
Is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid
Is ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead
Is má bhronnaim an t-ór
Ó cad é sin do'n té sin
Nach mbaineann sin dó
Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 1