Nuair a théim ar aonach ag cannach éadaigh Agus bíonn an éirnis agam I mo láimh Do síneann taobh liom an buachaill caol dubh ,S cuireann an caol-chraobh isteach I mo láimh Is gear 'na dhéidh sinn go mbíonn go haereach Gan puinn dem chéill 'gam 's mé os cionn an clár A 'díol na n-éileamh do bhíonn am chéasa Seacht mí gan léine 's mé os cionn an clár
Sé an buachaill caol dubh fada féileach Clisde léigheanta 's gur mhaith é a shnó Do chlaoidh I bpéin mé 's do nhill I n-éag mé Is d'fhág mé féinig ar beagán stóir Dhon fhrainc dá dtéinn nó go cuan Binn Éadair Nó a dul don léim sin go h-inis mór Ó bíonn an séithleach im dhiadh ar saothar Mara mbeinn féin uaidh ach uair de ló
Do casadh aoibhill na craige léith orainn A' gabhaill na slí is do ghaibh liom báidh Is dúirt dá ngéillfeadh an buachaill caol dubh Go dtúrfadh céad fear dó suas im áit Do labhair an caol-fhear go gonta gear leí Is dúirt ná tréigfeadh a charaid ghnáth Gur shúil sé Éire tré choillte 's réitigh Le cumann cléibh is le searc im dheáidh