Curfa: Bó, bó, bó na leath adhairce Bó, bó, sí an tseana chaor adharcach Bó, bó, bó na leath adhairce Bó dhroimhionn dhearg ná feadar cá bhfaighead’ í
Thíos cois na toinne ‘sea beathaíodh mo chaora Ag Diarmuid Ó Díoláin ó Bharra na hAoine Mac dearthár athair dom a chuir le faill í Easpa tobac a bhí ar an gcladhaire.
B’fhearr liom ná scilling go bheicfinn mo chaora ‘Teacht go dtí an doras ar maidin nó istóiche Thálfadh sí báinne orm, bheathódh sí uan dom Chuirfeadh sí ‘jacketeen’ deas ar mo ghualainn.
Chonacsa beirithe í, chonac a roinnt í Chuireas-sa dúil intí ach blaúíre ní bhfaighinn di ó nár dheas í, ó nár mheidhreach ó nár dheas í an tseana chaor adharcach.
Dá mbéinnse i rachmas, i ngradam is in oidhreacht Thabharfainnse giní ar chupla sladhas di Ó nár dheas í, ó nár mheidhreach Ó nár dheas í an tseana chaor adharcach.