Гуру Песен Популярное
А Б В Г Д Е Ж З И К Л М Н О П Р С Т У Ф Х Ц Ч Ш Э Ю Я
# A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z

Nell Ní Chróinín - An Chóisir | Текст песни

Do ghluais an bathlach beag tóstalach,
Is poitín á fhreastal ar bhord aige,
A d'iarraidh leanna chun cóisire,
Chun iad a chuir ar na staraibh.

Ar a theacht abhaile trí Bhóthar Tuir,
[is] poitín á fhreastal ar chord aige
[Do] thit an canna ar a thóin ar lic
is siúd a chuid leanna le fána.

Curfá:
San di-dee did-dle-dee di-dee dom
(san) di-dee did-dle-dee di-dee dom
(san) di-dee did-dle-dee di-dee dom
is siúd a chuid leanna le fána

Do bhuail an bhosa go deorach dubh
is dúirt: "Táim creachta go deo leis sin"
Nuair a bhí a channa gan tóin aige,
'S gan braon sa bhaile ach bláthach

Do bhuail a bhosa go cráite ansin,
is dúirt "Táim creachta go brách le sin,
ar chuairt in aisce atáim anois,
Gan chlú, gan ainm, gan árthach.

Curfá
San di-dee did-dle-dee di-dee dom
(san) di-dee did-dle-dee di-dee dom
(san) di-dee did-dle-dee di-dee dom
Gan chlú, gan ainm, gan árthach.

[Do] bhí fuaim an asail mar cheol acu
is dríodar práisce á ól mar phuins,
rírá ag bacaigh le mórtais ann
is nach orthu "bhí an eirí in airde?"

[Do] bhí Síle Shalach mar chócaire ['cu]
Is feoil ghabhair ghleabaigh á róst' ar bior,
Go bhfaighe sí boladh dreoite uirthi
ó bheith ina craiceann le ráite.

Curfá:
San di-dee did-dle-dee di-dee dom
(san) di-dee did-dle-dee di-dee dom
(san) di-dee did-dle-dee di-dee dom
Do ghluais an ghasra at sheol go moch

Is Ni raibh capall ná cóiste acu
Ach fotharaige chun pósa orthu
Is iad ag dul go Cill Airne.

Do bhuail an sagart sa ród iompú
Is dóibh do bheannaigh go córach glic
"Téigh abhaile is tóg tigh
is cuirigí bhur capall ar stábla"

Go deimhin a athar ní cóir duit sin
Is ní dóigh go nglacfainn led' comhairle glic
Ach téanam cois balla gus póirse linn
Is béarfaimid cnagaire lán duit.

Do bhuail ar fearg 's ba mhór a phluice
"Ní raghad cois balla ná póirse libh,
Ach faigh bhur gcaille 's bhur rogha fir
is pósfad ar bholg na sráid iad"

Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 1
Видео
Нет видео
-