Messe [ocus] Pangur bán,
cechtar nathar fria saindán;
bíth a menma-sam fri seilgg,
mu menma céin im saincheirdd
Caraim-se fós, ferr cach clú,
oc mu lebrán léir ingnu;
ní foirmtech frimm Pangur bán,
caraid cesin a maccdán.
Ó ru-biam scél cén scis
innar tegdias ar n-oéndis,
táithiunn dichríchide clius
ní fris 'tarddam ar n-áthius.
Gnáth-huaraib ar greassaib gal
glenaid luch ina lín-sam;
os me, du-fuit im lín chéin
dliged ndoraid cu n-dronchéill.
Fúachaid-sem fri freaga fál
a rosc a nglése comlán;
fúachimm chéin fri fégi fis
mu rosc réil, cesu imdis.
Fáelid-sem cu n-déne dul,
hi nglen luch ina gérchrub;
hi-tucu cheist n-doraid n-dil,
os mé chene am fáelid.
Cia beimini amin nach ré
ní derban cách a chéle;
mait le cechtar nár a dán
subaigthiud a óenurán.
Old Irish Poem еще тексты
Оценка текста
Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 1