In iníon d'aoire mé féinig gan amhras Do bhíodh ina cónaí cois taobh na Leamhna Bhí bothán agam féin ann is fuinneog i gceann de Fad a bhíodh an bainne ag téamh agam 'Sea ghlaofainn ar na gamhna
Curfa: Aililiú na gamhna, na gamhna bána Aililiú na gamhna, na gamhna b'iad a b'fhearr liom Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta
Faightear dom cana is faightear dom bhuarach Is faightear dom soitheach ina gcuirfead mo chuid uachtair Ceolta sí na cruinne bheith á síorchur i m'chluasa Ba bhinne liomsa géimneach na mbó ag teacht chun buaile
(Curfa)
Rachaimid ar an aonach is ceannóimid gamhna Is cuirfimid ar féar iad amach ins na gleannta Iosfaidh siad an féar is barr an aitinn ghallda Is tiocfaidh siad abhaile chun an bhainne i gcóir an tSamhraidh