Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad domh is mo sháith le n-ól Is tá bean in Éirinn is ba bhinne léithe mo ráfla ceoil Ná seinm théad; atá bean in éirinn is níorbh fhearr léi beo Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo thárr faoi fhód
Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur' bhfaighfinn ach póg Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dháimh féin leo; Tá bean ab fhearr liom nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla, dubhghránna cróin.
Tá bean i Laighnibh is nios mhiste léithe bheith límh liom ar bord, Is tá bean i bhFearnmhaigh a ghéabhadh bhéarsai is is sárbhinne glór, Bhí bean ar thaobh cnoic i gCarraig Éamoinn a níodh gáire ag ól Is tráth bhí ina maighdin ní mise d'éignigh dá chois ó chomhar.
Tá bean a leafgfadh, nífead is d'fhuaifeadh cáimric is sról, Is tá bean a dhéanfadh de dh'olainn gréas is thairnfeadh an bhró Tá bean is b'fhearr leí ag cruinniú déirce nó cráite re cró Is tá bean 'na ndéidh uile a luífeadh lé fear is a máthair faoi fhód
Tá bean a déarnadh an iomad tréanais is grá Dia mór, Is tá bean nach mbéarfadh a mionna ar aon mhodh is nach n-ardódh glór; Ach thaisbeáuin saorbhean a ghlacfadh lé fear go cráifeach cóir Nach mairfeadh a ghléas is nach mbainfeadh léithe i gcás ar domhan.
Tá bean a déarfadh dá siulfainn léi go bhfaighinn an t-ór, Is tá bean 'na léine is fearr a méin ná táinte bó Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain, Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól
Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad domh is mo sháith le n-ól Is tá bean in Éirinn is ba bhinne léithe mo ráfla ceoil Ná seinm théad; atá bean in éirinn is níorbh fhearr léi beo Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo thárr faoi fhód
Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur' bhfaighfinn ach póg Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dháimh féin leo; Tá bean ab fhearr liom nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla, dubhghránna cróin
Tá bean i Laighnibh is nios mhiste léithe bheith límh liom ar bord, Is tá bean i bhFearnmhaigh a ghéabhadh bhéarsai is is sárbhinne glór, Bhí bean ar thaobh cnoic i gCarraig Éamoinn a níodh gáire ag ól Is tráth bhí ina maighdin ní mise d'éignigh dá chois ó chomhar.
Tá bean a leafgfadh, nífead is d'fhuaifeadh cáimric is sról, Is tá bean a dhéanfadh de dh'olainn gréas is thairnfeadh an bhró Tá bean is b'fhearr leí ag cruinniú déirce nó cráite re cró Is tá bean 'na ndéidh uile a luífeadh lé fear is a máthair faoi fhód
Tá bean a déarnadh an iomad tréanais is grá Dia mór, Is tá bean nach mbéarfadh a mionna ar aon mhodh is nach n-ardódh glór; Ach thaisbeáin saorbhean a ghlacfadh lé fear go cráifeach cóir Nach mairfeadh a ghléas is nach mbainfeadh léithe i gcás ar domhan.
Tá bean a déarfadh dá siulfainn léi go bhfaighinn an t-ór, Is tá bean 'na léine is is fearr a méin ná na táinte bó Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain, Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól