Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile,[3] Óró, sé do bheatha 'bhaile Anois ar theacht an tsamhraidh. 'Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar, Do b' é ár gcreach tú bheith i ngéibheann, Do dhúiche bhreá i seilbh méirleach, Is tú díolta leis na Gallaibh.
Chorus
Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile, Óglaigh armtha léi mar gharda, Gaeil iad féin is ní Gaill[4] ná Spáinnigh, Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.
Chorus
A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam, Mura mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain, Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch, Ag fógairt fáin ar Ghallaibh.