‘S inion d’aoire mé fhéinig gan amhras Do bhiodh ina cónaí cois taobh na Leamhna Bhí bothan agam féin ann is fuinneog i gceann dé Fad a bhiodh an bainne ‘g téamh agam ‘se ghlaofainn ar na gamhna
Aililiú na gamhna na gamhna bána Aililiú na gamhna na gamhna b’iad a b’fhearr liom Aililiú na gamhna na gamhna geala bána Na gamhna maidin shamhraidh ag damhs’ ar na bánta
Faightear dom cana is faightear dom bhuarach Is faightear dom soitheach ina gcuirfead mo chuid uachtar Ceolta sí na cruinne bheith a’siorchur i m’chluasa Ba bhinne liomsa géimneach na mbó ag teacht chun buaile.
Rachamid ar an t-aonach ‘s ceannóimid gamhna Is cuirfimid ar féar iad amach ins na gleannta Iosfaidh siad an féar is barr an aitinn ghallda Is tiocfaidh siad abhaile chun an bhainne i gcóir an tSamhraidh.