Bheadh buachaillín deas ag Síle Dá bpósadh sí mé mar fhear Mharóinn an breac ar an taoide Is coinín ar an ndumhaigh chomh maith Ní iarfainn leí capall ná caoire Airgead buí ná geal Mar go mb'fhearr liomsa agam mar mhnaoí í Ná aon inion rí dar mhair
Tá máithair gan taise ag Síle Is ní bhraitheann sí a croí rómhaith Tá sparán mór fada aici líonta Ag lorg talamh gan cíos le fear Chuma léi ard é nó íseal Ba chuma léi búi nó geal O ba chuma léi cam é nó díreach Ach bheith aige caoire is ba
Ní mar sin mar mheasann mo Shíle B'fhearr léi mise na míle fear Mar is meidhreach sea sheinnfinn ar phíob di 'S is greannta do rincfinn dreas Chuirfinnse i dtalamh na síolta Is bhainfinn arís thar n-ais 'S nuair a thiocfainnse abhaile ní bhruíonfainn Ach ag reacaireacht grinn lem' shearc
Tá mo mhargadh socair le Síle Is ní bhrisfeadh Éire ar fad Gan spleáchas dá máthair ná muintir Rachaidh sí chun cinn gan stad Pósfainn sa chathair an mhí seo 'S an sagart á dhíol go maith Is ní dóichí go bhfanam sa tír seo Ach ag reachtaireacht síos amach