Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh an fhear Tiocfaidh an duilliúr ghlas ar bharr na gcraobh Tiocfaidh mo rún searc le bánú an lae Agus buailfidh sí tiúin suas le cumhaidh i mo dhiadh
Scairt mé aréir ag an doras ann Scairt mé arís ar mo rún go teann ‘Sé duirt a daidí liom nach raibh sí ann Ná gur ealaigh sí aréir leis an buachaill donn
Splóid ar an fharraige ná is í atá mór Is í atá a gabhail idir mé is mo mhíle stór D’fhag sí ar an bhaile seo mé a déanamh bróin Is gan aon súil lena feiceál arís níos mó
Is óg’s is óg a chuir mé dúil l ngreann Dhéanfainn súgradh le mo rún ar faill Níl bailc cuain ar bith ‘a ngluaisfinn ann Nach bhfaighinn maighdean óg dheas a thrialladh liom