Cad é Sin Don Té Sin
Ma théimse chuig airneal is rince is sport.
Chuig aonach is rásai's gach cruinniu dan tsórt,
Má tim daoine súgach's ma bhím súgach leo -
Curfá: O cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?
Ma théim'na coille craobhaí, 'cruinniú sméara nó cnó,
'Bhaint úlla de ghéaga no bhuachailleacht bó;
Ma shínim seal uaire faoi chrann' deanamh so -
Curfá.
Chuaigh me chun aonaigh is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid's ar giní bhuí óir;
Má ólaim an t-airgead's ma bhronnaim an t-ór -
Curfá.
Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh,
Gan earra ná éadaíl, gan bólacht ná stór,
Má tá mise sásta' mo chonai i gcró -
Curfá.
Tri Yann еще тексты
Оценка текста
Статистика страницы на pesni.guru ▼
Просмотров сегодня: 1