Go Cuan Bhéil Inse casadh mé Cois Góilín aoibhinn Dairbhre Mar a seoltar flít na farraige Thar sáile i gcéin. I bPort Mhic Aoidh do stadas seal, Faoi thuairim intinn maitheasa D’fhonn bheith sealad eatarthu Mar mháistir léinn. Is gearr gur chuala an eachtara Ag cách mo léan! Gur i mBord Eoghain Fhinn do chailleathas An t-árthach tréan. Do phreab mo chroí le hatuirse I dtaobh loinge an taoisigh chalma Go mb’fhearrde an tír í ‘sheasamh seal Do ráib an tséin.
Mo chiach, mo chumha is m’atuirse! Mé im iarsma dubhach ag ainnise Is mé síoraí ‘déanamh marana, Ar mo chás bhocht féin! Mo chuid éadaigh chumhdaigh scaipithe, Bhí déanta cumtha, ceapaithe, Is do thriaill thar thriúcha Banban Mar bhláth faoi mo dhéin. Iad bheith imithe san fharraige Ar bharr an scéil, Is a thuilleadh acu sa lasair Is mé go támhach trém néal; Ba thrua le cách ar maidin mé Go buartha, cásmhar, ceasnaithe, Is an fuacht a chráigh im bhalla mé Gan snáth ón spéir!
Dá shiúlfainn Éire is Alba An Fhrainc, an Spáinn is Sasana, Agus fós arís dá n-abrainn Gach aird faoin ré, Ní bhfaighinnse an oiread leabhartha B’fhearr eolas agus tairbhe Ná is mó bhí chum mo mhaitheasa Cé táid ar strae. Mo chreach! mo chumha ina n-easnamh siúd Do fágadh mé! Is mór an cúrsa marana Agus cás liom é Mallacht Dé is na hEaglaise Ar an gcarraig ghránna mhallaithe, A bháigh an long gan anaithe Gan ghála, gan ghaoth.