Curfá: Trasna na dtonnta, dul siar, dul siar, Slán leis an uaigneas ‘is slán leis an gcian; Geal é mo chroí, agus geal í an ghrian, Geal a bheith ag filleadh go hÉirinn!
Chonaic mo dhóthain de Thíortha i gcéin, Ór agus airgead, saibhreas an tsaoil, Éiríonn an croí ‘nam le breacadh gach lae ‘S mé druidim le dúthaigh mo mhuintir!
Curfá
Ar mo thriall siar ó éirigh mo chroí An aimsir go hálainn is tonnta deas réidh Stiúradh go díreach go dúthaigh mo chliabh ‘S bheidh mé in Éirinn amárach!
Curfá
Muintir an Iarthair ‘siad cairde mo chroí, Fáilte ‘is féile bheidh romham ar gach taobh. Ar fhágaint an tsaoil seo, sé ghuidhim ar an Rí Gur leosan a shinfear i gcill mé.