Seo dhíbh, a chairde, duan Ógláigh, cathréimeach bríomhar ceolmhar, ár dtinte cnámh go buacach táid, ’s an spéir go mín réaltógach is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo ’s go tiúnmhar glé roimh thíocht don ló fé chiúnas chaomh na hoíche ar seol: seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.
Sinne Fianna Fáil atá fé gheall ag Éirinn, buíon dár slua thar toinn do ráinig chugainn, fé mhóid bheith saor, seantír ár sinsear feasta ní fhágfar fén tíorán ná fén tráill. Anocht a théam sa bhearna bhaoil, le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil le gunnascréach, fé lámhach na bpiléar seo libh canaídh Amhrán na bhFiann.
Cois bánta réidhe, ar ardaibh sléibhe, ba bhuadhach ár sinsir romhainn, ag lámhach go tréan fén sárbhrat séin tá thuas sa ghaoth go seolta. Ba dhúchas riamh dár gcine cháidh gan iompáil siar ó imirt áir, ’s ag siúl mar iad i gcoinne námhad seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.
A bhuíon nách fann d’fhuil Ghaeil is Gall, sin breacadh lae na saoirse, ta sceimhle ’s scanradh i gcroíthe námhad, roimh ranna laochra ár dtire. Ár dtinte is tréith gan spréach anois, sin luisne ghlé san spéir anoir, ’s an bíobha i raon na bpiléar agaibh: seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.